Seisiún Scríbneoireachta

What Time & Date

January 10, 2024 - February 12, 2025    
6:00 pm - 7:30 pm

Location

The Outhouse
105 Sráid Chéipil, Baile Átha Cliath 1, D01 R290

Event Type

Loading Map....

Spás agus am an dá rud is mó a bhíonn ag teastáil ó gach scríbhneoir agus ní miste comhluadar daoine eile a bheith acu le hiad a choinneáil dírithe ar na spriocanna a leagann siad amach dóibh féin.

Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile.

Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin.

Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil agus tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith trí Scéim na Litríochta. Beidh tús áite ag baill AAG ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine LADTAIÉ+ le bheith linn.

 

Eventbrite le bheith i láthair: https://www.eventbrite.ie/e/seisiuin-scribhneoireachta-do-na-gaeil-tickets-780929028747?aff=ebdsoporgprofile