Ba mhór le COGG cuireadh a thabhairt duit freastal ar sheoladh leabhar i MOLI Músaem Litríochta na hÉireann, Baile Átha Cliath ar an Déardaoin 16 Feabhra ag 6:30i.n.
Seolfaidh an Dr Colm Henry, an Príomhoifigeach Cliniciúil i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) an leabhar An Gadaí Bradach le Brendán Ó Dufaigh. Pictiúir agus blúirí nuachta ó na meáin Ghaeilge atá sa saothar fíorthábhachtach seo a thugann cur síos beacht ar thréimhse Phaindéim COVID 19 in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Seolfaidh Pádraig Ó Beaglaoich, Leas-Phríomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) dhá leabhar de chuid Ré Uí Laighléis Máchail agus Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad Marz. Is leabhar é Máchail a bhaineann le fonn díoltais agus cúrsaí reatha na linne seo agus baineann Spluff Splaifeirtí le heachtraíocht ar Mhars. Leabhair iad seo a bhainfidh daoine óga taitneamh astu!
Is ceiliúradh í an ócáid seo ar fhoilseacháin Bhreandáin Uí Dhufaigh agus Ré Uí Laighléis le linn na paindéime, mar nach raibh seans ann a leithéid d’ócáidí a eagrú le tamall anuas.
Bígí linn!
Le gach dea-ghuí,
COGG