Tá an tsiúlóid ó Dhún Richmond go Cill Mhaighneann fréamhaithe i dtírdhreach saibhir stairiúil agus polaitiúil Bhaile Átha Cliath. Ag tosú i nDún Richmond, a tógadh in 1810, beidh cuairteoirí ag foghlaim faoina stair mar cheann de na beairicí airm is mó in Éirinn, áit ina raibh cónaí agus inar cuireadh oiliúint ar gach reisimint d’arm na Breataine le linn a staire a théann siar 100 bliain.
B’fhéidir gur fearr aithne air inniu mar an áit inar coinníodh agus inar cuireadh faoi thriail armchúirte ceannairí Éirí Amach 1916 sular cuireadh chun báis iad i bPríosún Chill Mhaighneann in aice láimhe.
Note: Limited spaces, booking essential.
Tuilleadh Eolais: https://dublinfestivalofhistory.ie/event/turas-siuil-o-dhun-richmond-go-chill-mhaighneann-richmond-barracks-to-kilmainham/