Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain do phobal aiteach na Gaeilge.
Faigh do thicéad inniu (€10) (Eventbrite)
Beidh beárbaiciú againn i gClub Chonradh na Gaeilge 17:00-19:00; cluichí spraíúla trí Ghaeilge 19:00-21:00; agus ansin an Bál féin 21:00-23:00, ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí.
Gléasfaidh daoine de réir catagóire:
ExtravaGeansaí
Dathanna an Chontae
Drag Caoineadh
TG Leathair
Beidh duais ar luach €100 i gceist don fheisteas is fearr i ngach catagóir. Roghnóidh gach buaiteoir a nduais féin ó Eolaire Údarás na Gaeltachta chun go rachaidh an t-airgead ón imeacht i dtreo phobal na Gaeltachta.
Is ceiliúradh é an Bál Aiteach ar an gcultúr aiteach agus ar an nGaeilge agus cruthaíonn sé atmaisféar cuideachtúil tacúil le gur féidir le daoine iad féin a chur in iúl i mbealach cruthaitheach. Bígí linn!
Eagraithe: Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath i gcomhar le hAerachAiteachGaelach agus Baile Átha Cliath le Gaeilge.
Teagmhálaithe: Eoin Mc Evoy agus Erin Mac an tSaoir.