Foireann BÁC le Gaeilge
An Fhoireann
Anseo, beidh deis agat aithne níos fearr a chur ar an fhoireann ar chúl BÁC le Gaeilge…

Anseo, beidh deis agat aithne níos fearr a chur ar an fhoireann ar chúl BÁC le Gaeilge…
Mícheál is ainm dom agus táim mar Stiúrthóir ar BÁC le Gaeilge. Is as Tamhlacht i mBaile Atha Cliath dom. Cé nach raibh an Ghaeilge agam ó dhúchais, bhí an t-ádh liom freastal ar Ghaelscoil agus Gaelcholáiste. Mhúscail mo mhothúcháin don teanga nuair a bhfuair mé deis freastal ar an nGaelacht i gConamara san idirbhliain mar “chinnire”.
Rinne mé BA i nGnó agus Gaeilge ansin Máistreacht i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais i bhFiontar in Ollscoil Chathair Átha Cliath.
Anois, déanaim gach iarracht mo shaol a thumadh leis an teanga. Imrím peil agus déanaim bainistíocht ar Fhoireann Peile na bhFear le Na Gaeil Oga – Foireann CLG lán-ghaelach i mBaile Atha Cliath ó 2010. Chaith mé cuid mhaith de mo shaol oibre ag obair i ngnóanna ilnáisiúnach agus chonaic mé na deiseanna agus an fonn atá ar dhaoine a teangacha a úsáid agus a gcultúr a léiriú.
Bainim leas as an taithí seo chun daoine a spreagadh cibé Gaeilge atá acu a úsáid go laethúil le BÁC le Gaeilge.