Beagán Gaeilge /
Gan Ghaeilge, ach suim agat?

An bhfuil fonn ort Gaeilge a fhoghlaim nó do chuid Gaeilge a fheabhsú? B’fhéidir gur mhaith leat comhairle nó moltaí ar conas do Ghaeilge a chleachtadh le daoine ar bhealach réchúiseach, taobh amuigh den seomra ranga. Tá borradh tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla i mBaile Átha Cliath agus tá BÁC le Gaeilge anseo le cúnamh a thabhairt leis an nGaeilge sa phobal a chur chun cinn.

 

Imeachtaí do gach duine

Tá imeachtaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar fáil anseo ...

Conas mo imeacht féin a chruthú

Ar mhaith leat d’imeacht Gaeilge féin a chruthú? Tá sé an-simplí d’ócáid féin a eagrú, níl gá go mbeidh sé casta.

Breathnaigh ar ár samplaí:

Tá liosta de shamplaí curtha le chéile againn a chabhróidh leat agus tú ag bunú do chéad imeachta:

Ciorcal Comhrá

Deis cainte

Is iomaí Ciorcal Comhrá atá ar siúl ar fud na tíre. Tá grúpaí éagsúla in oiriúint do gach leibhéal agus cumas teanga. Tugann na ciorcail chomhrá seo deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal iad nó cainteoir dúchais atá ag iarraidh bualadh le daoine nua a bhfuil Gaeilge acu. Creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil slua de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír – is leor beirt.

Éasca

Tá sé an-éasca grúpa nua Caint & Comhrá a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoirí Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí.

Is leor beirt

Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Is Leor Beirt, toisc go mbeadh seo ag am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa tsuim sa teanga. Nuair atá am, áit agus sonraí teagmhála agat don chiorcal comhrá, seol na sonraí chuig: caint@cnag.ie nó is féidir é a chlárú mar imeacht ar BÁC le Gaeilge.ie féin.

Pop-Up Gaeltacht

Feiniméan nua-aimseartha í Pop Up Gaeltacht a spreagann daoine cibé Gaeilge atá acu a úsáid. Eagraítear i dtithe tabhairne iad go hiondúil in áit go mbíonn daoine ar a gcompord agus a mbíonn atmaisféar dearfach, taitneamhach ann.

Is coincheap foinse-oscailte é Pop Up Gaeltacht. Is le gach duine í agus ní le haon duine í. Roghnaítear dáta amháin agus buailfear le chéile chun an Ghaeilge a labhairt. Bíodh sé an lá céanna gach mí – an Aoine deiridh mar shampla, ionas go gcuimhneoidh daoine ar.

Thíos tá lógónna Pop Up Gaeltacht ar fáil. Nuair atá dáta roghnaithe agat, cruthaigh póstaer agus lean na céimeanna seo a leanas:

 

Conas Pop-Up Gaeltacht a chruthú:

1

Roghnaigh beár

Beár ar bith is mian leat - is cuma cé ceann!

2

Fáilte

Cuir fáilte roimh chách le bolscaireacht i nGaeilge amháin.

3

Mar chuid den phobal

Tá sé níos taitneamhaí gan áit faoi leith a chur in áirithe, táimid mar chuid den phobal, ní scoite amach uaidh.

4

Ná bac

Ná cur siamsaíocht ar fáil thar mar a bheadh sa bheár pé scéal é.

5

Scaip an scéal

Cruthaigh ócáid ar BÁC le Gaeilge.ie agus roinn ar na meáin shóisialta é (le gur féidir linn í a roinnt).

Tae agus Plé

Is ócáidí neamhfhoirmiúil iad seo díreach ar mhaithe le comhrá thar cupán tae nó caifé trí Ghaeilge.

Dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge den chuid is mó, tugann sé deis do dhaoine cibé Gaeilge atá acu a chleachtadh.

Níl rud ar bith de dhíth seachas comhluadar. Is deis iontach í Gaeilge laethúil a chleachtadh. Nuair atá an chéad imeacht Tae & Plé forbartha agat, ní mór duit dáta a roghnú don chéad imeacht eile ionas go mbeidh dul chun cinn rialta ar chaighdeán Gaeilge an ghrúpa.