An Gnó Thú?

An bhfuil tú réidh an chéad céim a ghlacadh an Ghaeilge a úsáid i do ghnó? Feicfidh tú thíos na seirbhísí atá curtha ar fáil againn agus na dóigheanna a dtig linn tacú leat.

An raibh a fhios agat?

Tá an Ghaeilge beo agus tá borradh taghta uirthi sa chathair!
Ó shuirbhé a rinneadh i Mí Feabhra 2022, d’aontaigh muintir Bhaile Átha Cliath gur cheart don Ghaeilge a bheith;

níos feiceálaí

aontaíonn

1 %

*torthaí as suirbhé Your Dublin Your Voice, Feabhra 2022

le cloisteáil níos minice

aontaíonn

1 %

*torthaí as suirbhé Your Dublin Your Voice, Feabhra 2022

in úsáid níos mó

aontaíonn

1 %

*torthaí as suirbhé Your Dublin Your Voice, Feabhra 2022

Léiríonn na torthaí thuas go gcuirfidh do chustaiméirí fáilte roimh an Ghaeilge

Ag cur tús
Tá BÁC le Gaeilge anseo le cúnamh a thabhairt duit!

Tacaíonn BÁC le Gaeilge le gnólachtaí chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil. Má tá suim agat cúpla focal a thaispeáint agus a fhoghlaim, táimid anseo le cúnamh a thabhairt.

Má chláraíonn do ghnó le BÁC le Gaeilge, beidh tú mar chuid de líonra atá de shíor ag fás. Gheobhaidh tú na tacaíochtaí thíos go hiomlán saor in aisce:

Is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat, táimid anseo le cúnamh a thabhairt duit do Ghaeilge, agus freisin do ghnó, a chur chun cinn.

Seirbhísí Aistriúcháin

Margaíócht

Ranganna Gaeilge

Frásaí/Fógraíocht Shaincheaptha

Bainisteoir Comhchaidrimh

Imeachtaí

Ar mhaith leat do ghnó a fhás trí Ghaeilge?

Téigh i dteagmháil linn inniu le haghaidh tuilleadh eolais