BÁC le Gaeilge 2023

Ciste Tacaíochta

Is é sprioc an chiste seo ná chun feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí mBaile Átha Cliath. Tacóidh an ciste seo le gnólachtaí beaga agus mheánmhéide feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn. Cuirfidh an ciste seo deontas, thuas le €1,000, ar fáil do chomharthaíocht Gaeilge nó dátheangach, Gaeilge agus Béarla, go príomha.

Cén fáth gur fiú comharthaíocht Gaeilge nó dátheangach a úsáid i do ghnó?
  • Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fheiceáil! Ó torthaí i 2022*, d’aontaigh muintir Bhaile Átha Cliath gur cheart don Ghaeilge a bheith;
    • níos feiceálaí – d’aontaigh 69%
    • Le cloisteáil níos minice – d’aontaigh 66%
    • in úsáid níos mó – d’aontaigh 66%
  • Seasfaidh tú amach! Tá tionchar láithreach agus éifeachtach ag comharthaí dátheangacha ar an gcustaiméir
  • Léiríon sé do do chustaiméirí go bhfuil do ghnó fáilteach agus ilchultúrtha

Spriocdhátaí:

  • Dáta Oscailte 3/08/2023
  • Dréacht den fhógraíocht le bheith seolta: 18/08/2023
  • Dáta Deiridh: 8/09/2023

Coinníollacha:

  • Teoranta go gnólachtaí lonnaithe i mBaile Átha Cliath amháin
  • Ní mór dréachtleagan do na comharthaí beartaithe a bheith leis an iarratas. Más biachlár nó fógra atá i gceist, cóip den leagan Béarla má bhfuil a leithéid ann
  • Ní féidir le gnó ach iarratas amháin a dhéanamh
  • Cuirfear an maoiniú ar fáil ar bhonn admhálacha (cuirfear in iúl do gach gnó a bhaineann deontas amach sula chaitheann an gnó an t-airgead). Ní íocfaimid maoiniú go cúlghabhálach, i.e. ábhair atá déanta cheana féin. 
  • Is gá na hadmhálacha a chur chugainn roimh 18 Lúnasa 2023 le cinntiú go n-íocfar an deontas leat roimh dheireadh 2023
  • Ní ghlacfar le hadmhálacha nó iarratais ar íocaíocht ar na deontais ceadaithe i ndiaidh 8 Meán Fhómhair 2023
  • Tá ciste na scéime seo teoranta. Bronnfar deontais ar na hiarratais incháilithe san ord a gheofar iad go dtí go mbeidh buiséad na scéime caite

Spéis agat comharthaíocht Gaeilge / dátheangach a léiriú saor in aisce i do ghnó?

 

 

Líon amach an fhoirm thíos agus beimid i dteagmháil leat!

Cláraigh don Chiste