Seo imeacht athfhillteach

Seisiún Scríbneoireachta

29Ean6:00 in7:00 inSeisiún ScríbneoireachtaLADTAIÉ+

Cur síos ar an imeacht

Spás agus am an dá rud is mó a bhíonn ag teastáil ó gach scríbhneoir agus ní miste comhluadar daoine eile a bheith acu le hiad a choinneáil dírithe ar na spriocanna a leagann siad amach dóibh féin.

Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile.

Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin.

Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil agus tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith trí Scéim na Litríochta. Beidh tús áite ag baill AAG ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine LADTAIÉ+ le bheith linn.

 

Eventbrite le bheith i láthair: https://www.eventbrite.ie/e/seisiuin-scribhneoireachta-do-na-gaeil-tickets-780929028747?aff=ebdsoporgprofile

more

Am

Eanáir 29, 2025 6:00 in - 7:00 in(GMT+00:00)

Láthair

The Outhouse

105 Sráid Chéipil Baile Átha Cliath 1 D01 R290

Other Events

Get Directions

  • Comments are closed.
  • GA