Tionól Gaeilge UCD (Scoil Samhraidh do Dhaoine Fásta)

Cén Uair

June 26, 2023 - June 30, 2023    
9:00 am - 1:00 pm

Cá háit

Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath - Univeristy College Dublin
Ionad na Mac Léinn, COBÁC, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 4, BÁC 4

Cineál Imeachta

Loading Map....

‘Beidh Tionól Gaeilge UCD, Scoil Samhraidh do dhaoine fásta á reachtáil don 6u uair,  26-30 Meitheamh 2023  ar champas UCD Belfield .

Tá ráta speisialta do mhocóirí ar fáil go dtí 24 Feabhra 2023https://www.ucd.ie/irish/ga/teanga/scoilsamhraidhidirnaisiunta/

Beidh ranganna teanga ar siúl gach lá, Luan go hAoine 09.00am-1.00pm ( ranganna ag 5 leibhéal) leis an mbéim ar an dteanga labartha.

Beidh léachtaí ar siúl tar éis lóin 2.30-4.30pm,  ina ndíeofar ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach ( le rogha ag rannpháirithe gach léacht a  chlos i nGaeilge nó i mBéarla).

Beidh imeachtaí cultúrtha ar siúl gach tráthnóna.

Beidh lóistín B&B 5 oíche ar fáil ar champas, Domhnach go hAoine; in árasáin nua-aimseartha na mac léinn  ( le rogha nua bricfeasta  in 2023  i gClub nua na hOllscoile). Bíonn bialann na mac léinn ar fáil do rannpháirtithe i rith an lae.

Eagríonn Gaeltacht UCD an Tionól seo i gcomhar leis an eagraíocht Gaelchultúr agus  tugtar cuireadh do shaineolaithe de chuid UCD agus de chuid saol na Gaeilge in Éireann a bheith mar aoichainteoirí.

An rud is deise faoin dTionól seo,  taobh amuigh den chaighdéan ard teanga agus múinteoireachta ná an deis do rannpháirtithe  a ngreasáin de chainteoirí Gaeilge a leathnú. Bíonn atmasféár sóisialta ann agus meascán iontach daoine idir Éireannaigh agus lucht idirnáisiúnta a fhilleanan ar an dTionól bliain i ndiaidh bliana.

Bíonn páirceál saor in aisce ar champas le linn  tréimhse an Tionóil, agus rogha maith de bhuasanna.’

Eagraí

Gaeltacht UCD, Ionad Cultúrtha UCD don Teanga agus don Chultúr, BÁC, ÉireCur d’áit in áirithe go luath.