Siúlóid Stairiúil ar Cheantar Bhinn Éadair - Treoraithe ag Dáire Ní Laoi

Cén Uair

March 12, 2023    
3:00 pm - 4:30 pm

Cá háit

Stáisiún DART Bhinn Éadair, Bóthar Bhinn Éadair, Baile Átha Cliath
Howth DART Station, Howth Road, Dublin, Baile Átha Cliath

Cineál Imeachta

Loading Map....

Más spéis leat cúpla uaireanta taitneamhacha a bhaint i gceantar fíor-álainn in aice láimhe leis an Ardchathair (nach bhfuil ach 30 nóiméad ar an Traein DART ó Lár na Cathrach) agus foghlaim faoin stair áitiúil i mBinn Éadair, le béim áirithe ar an troid ar son na saoirse, tar i gcomhluadar linn le Gaeilgeoirí eile (nó daoine eile gur spéis leo an Ghaeilge) agus dul ar siúlóid thaibhsiúil i gceantar fíorálainn. Reachtálfaidh Dáire Ní Laoi, arbh as an gceantar seo ó dhúchas di, an tsiúlóiud seo trí Ghaeilge agus tá fáilte rompu siúd go léir gur spéis leo an Ghaeilge agus an Stair. TAGAIGÍ AGUS FÁILTE!

Le Tosú ag Stáisiún DART Bhinn Éadair ag a 15:00 (trí a chlog san iarnóin)
Dé Domhnaigh, 12ú Márta 2023