Seoladh Sceideal Raidió Rí-Rá

Cén Uair

March 13, 2024    
10:00 am - 6:00 pm

Cá háit

Raidió Rí-Rá
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98

Cineál Imeachta

Loading Map....

Tá sceideal úrnua le láithreoirí agus cláracha nua á sheoladh ag Raidió Rí-Rá.

Leis an sceideal a sheoladh agus a cheiliúradh beidh lá oscailte lán spraoi agus deiseanna do chraoltóirí agus don phobal buaileadh isteach ar an stiúideo. Mar chuid den lá beidh

    • Raidió Rí-Rá á sheoladh beo ar FM timpeall na tíre ar feadh seachtaine mar chuid de Sheachtain na Gaeilge
    • maidin caife agus gréasánaíochta do chraoltóirí Rí-Rá agus daoine a bhfuil spéis acu sa gcraoltóireacht
    • deiseanna
    • cláracha beo á chur i láthair ón stiúideo
    • ceardlanna agus leideanna craoltóireachta do chraoltóirí óga agus nua
    • deis do chraoltóirí headshot nó pictiúirí proifisiúnta a fháil dá CV nó cuntais shóisialta

Tuilleadh sonraí le fógairt go luath!

 

Eagraí