Seoladh Leabhair - Cuimhní Poircealláin le Majella Ní Dhomhnaill

Cén Uair

March 7, 2024    
6:15 pm - 8:00 pm

Cá háit

An Siopa Leabhar
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98

Cineál Imeachta

Loading Map....

Seoladh leabhair: Cuimhní Poircealláin agus scéalta eile le Majella Ní Dhomhnaill, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo.

Sa chéad chnuasach gearrscéalta so dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo.

As Bré Chill Mhantáin do Mhajella NíD homhnaill agus cónaí uirthi faoi láthair i mBaile Átha Cliath. Achtúire agus máthair beirt pháistí óga í agus cuireann sí peann le pár nuair a bhíonn am saor aici! Foilsíodh úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta, Mise do Mhamó (LeabhairCOMHAR) léi sa bhliain 2020 agus craoladh a céad dráma raidió, ‘Bíobla don Bheirt Againn’, in 2023. Tá gradaim bainte amach aici le beagán de bhlianta anuas ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus ag comórtais de chuid Manchester Irish Language Group.