Seanchoíche X Seachtain na Gaeilge le Energia

Cén Uair

March 1, 2024    
7:00 pm - 10:30 pm

Cá háit

Medley
Sráid D'Olier, Baile Átha Cliath 2, D02 DF77

Cineál Imeachta

Loading Map....

Tá áthas an domhain orainn comhoibriú speisialta a dhéanamh le Seachtain na Gaeilge le Energia Dé hAoine, 1 Márta i Medley, BÁC 2. Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain – agus tá gliondar orainn páirt a ghlacadh ann i mbliana.

Is é ” Féidearthachtaí” téama na hoíche. Beidh gach scéal a inseofar bunaithe ar an téama seo. D’fhéadfeadh an scéal seo a bheith mar scéilín pearsanta, taithí duine eile atá i do shaol, píosa filíochta, monalóg nó pé rud eile a shamhlaítear le scéal.

Beidh seanchaithe eagraithe againn ar an oíche, más maith leat páirt a ghlacadh ann, déan teagmháil le submissions@seanchoice.com

Tuilleadh eolais anseo: https://www.seanchoiche.com/events-2/seanchoche-dublin-firsts-and-lasts-storytelling-night-in-dublin-85s97-3429z