Scoláireachtaí i dTeach na Gaeilge COBÁC/UCD

Cén Uair

April 2, 2024    
An lá ar fad

Cá háit

Cineál Imeachta

Tá comórtas Theach na Gaeilge oscailte ar shuíomh Ghaeltacht UCD. Beidh tuilleadh eolais ar fáil ansin – beidh ort foirm a líonadh amach. Faoi iamh, tá bróisiúr na scéime 24-25, agus gach eolas ar fáil ansin. Is féidir breathnú ar shuíomh Ghaeltacht UCD, nó Instagram @teachnagaeilgeucd / @ucdgaeltacht chun tuiscint níos fearr a fháil ar an scéim. Tairscíonn Gaeltacht UCD 24 scoláireacht (12 scoláireacht do lucht na céad bliana) do mhic léinn atá líofa sa Ghaeilge agus a dteastaíonn uathu í a chur chun cinn. Tá an comórtas oscailte do mhic léinn atá ag tabhairt faoi aon chúrsa in UCD. Tá foirm iarratais ar fáil ar shuíomh Ghaeltacht UCD ANSEO.

Bíonn thart ar 5 seachtaine agat chun an fhoirm a líonadh isteach ar líne. Déantar gearrliostú ar na foirmeacha agus tugtar cuireadh don mhac léinn teacht chun agallaimh. Roghnaítear an t-iarrthóir rathúil ar bhonn a fhoirm iarratais agus a agallaimh. Cuirtear in iúl daofa torthaí an agallaimh roimh an samhradh. Mairfidh siad i dTeach na Gaeilge, Árais Chónaithe Merville, ar champas, agus íoctar scoláireacht míosúil leis an mac léinn (luach scoláireacht na bliana seo caite: ¬ 1,500). Beidh an scoláireacht luaite ar tras-scríbhinn gach scoláire. Maireann an scoláireacht bliain acadúil amháin ach tá cead ag mic léinn cur isteach ar an scoláireacht arís ina dhiaidh sin. I rith an chéad agus an dara téarma, beidh ar gach dalta imeacht a eagrú chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas. Is féidir leo é a dhéanamh mar pháirt de ghrúpa nó leo féin. Chomh maith le sin, beidh orthu freastal ar cruinnithe gach mhí, agus freastal ar imeachtaí a comhghleacaithe. Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn, má bhíonn aon cheisteanna agat.