Scéim Cónaitheachta AAG ar Oileán Chléire 2024 - Spriocdháta ar Iarratais

An Todhchaíochas Gaelach

*NASC AG AN mBUN*

‘How terrifying it’s been to realize no one thinks my people have a future.’ 

Sin iad focail N.K. Jemisin ina réamhrá leis an gcnuasach How Long ’Til Black Future Month (2018). Sna scéalta ficsean eolaíochta agus fantaisíochta a leanann an réamhrá sin, samhlaíonn Jemisin carachtair chumhachtacha de dhath agus domhan féidearthachtaí a spreagann dóchas agus a ardaíonn ár meanma.

Is iomaí duine a chreideann nach bhfuil aon todhchaí amach roimh an nGaeilge ach oiread. Tuigimidne a labhraíonn í go mbeidh, áfach, fad is beo dúinn féin agus fad is beo dár n-ealaín. Ach cén todhchaí í sin? Cén chuma atá uirthi? Conas is féidir leis an ealaín an todhchaí sin a shamhlú, a léiriú, a fhíorú?

Sa mbliain 2024, cuirfidh AerachAiteachGaelach agus MEITHEAL Phlean Teanga Chléire ocht gcinn de sparánachtaí cónaitheachta ar fáil le healaíontóirí de chuid an ghrúpa a thabhairt go hOileán Chléire i gCorcaigh le tabhairt faoi thionscadal ealaíne ar bith faoin téama An Todhchaíochas Gaelach | Gaelic Futurism.

Tá sé i gceist go nglacfadh na healaíontóirí inspioráid ó cheannródaithe ghluaiseacht an Afra-Thodhchaíochais (leithéidí Janelle Monáe i réimse an cheoil, Octavia E. Butler i réimse na scríbhneoireachta, Jean-Michel Basquiat agus Ellen Gallagher i réimse na healaíne) agus go gcuirfeadh siad an méid a fhoghlaimíonn siad i bhfeidhm chun saothair nua shamhlaíocha a cheapadh agus a fhorbairt faoi rúibric an Todhchaíochais Ghaelaigh ar an oiléan.

Is é Oileán Chléire, atá 3 mhíle ar fhaid agus míle ar leithead, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá sé 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Tá Carraig Aonair léi féin 3 mhíle siar ón oileán. Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh. Chothaigh AerachAiteachGaelach nasc le pobal an oileáin nuair a d’eagraigh Ruairí Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe Bród Chléire 2023, an chéad fhéile LADTAIÉ+ ar an oileán.

Is gléas é an téama seo againn leis an tsamhlaíocht a fhuascailt, le bheith ag smaoineamh ar shuíomhanna, ar charachtair agus ar shochaithe nach ann dóibh ach a d’fhéadfadh a bheith, le todhchaí na Gaeilge agus a pobail a shamhlú as an nua. Beidh fáilte mhór roimh gach cineál ealaíne: an amhránaíocht, an ceol, an damhsa, an drag, an drámaíocht, an ealaín, an fhilíocht, an prós agus eile! Is gá gur trí Ghaeilge a dhéanfaí an obair.

 

Seo chugainn an todhchaí!

Is tionscadal comhpháirteach é seo idir AerachAiteachGaelach agus MEITHEAL Phlean Teanga Chléire. Is féidir linn na sparánachtaí a chur ar fáil a bhuí leis an duaischiste ó Chomórtas na nDea-Chúiseanna ag an gCrannchur Náisiúnta, comórtas ar bhain AAG an chéad duais i gcatagóir na Gaeilge ann 2023.

 

Dátaí na Cónaitheachta

Gach ealaíontóir a roghnófar faoin scéim seo, caithfidh sé/sí/siú/siad 10 lá ar an Oileán.

 

  • Tarlóidh gach cónaitheacht sa tréimhse idir an 1-31 Márta 2024.
  • Is é is mian linn go mbeadh beirt ealaíontóirí ar an Oileán gach seachtain agus go mbeadh siad in ann bualadh leis an gcéad bheirt eile an deireadh seachtaine idir na cónaitheachtaí.
  • Má tá beirt ealaíontóirí ar leith ag iarraidh bheith ar an Oileán ag an am céanna le bheith ag obair as lámha a chéile ar thionscadal cruthaitheach (ceann idirdhisciplíneach, go háirithe), beidh fáilte rompu é sin a iarraidh ach é a lua ar an gcéad leathanach eile den fhoirm iarratais seo.

 

Luach na Cónaitheachta

Is éard a chuirfear ar fáil do gach duine a ghnóthaíonn sparánacht:

 

  • Lóistín saor in aisce i suanlios ar Oileán Chléire, Corcaigh (seomra pearsanta an duine)
  • Costais taistil (laistigh d’Éirinn)
  • Stipinn €300 le costais ghinearálta eile a chlúdach
  • Ag brath ar mhaoiniú, tá seans ann go dtabharfar cuireadh don ealaíontóir ceardlann a chur ar fáil do phobal an Oileáin le linn na seachtaine. Chuirfí táille bhreise ar fáil dá leithéid. Pléifear na sonraí sin le gach ealaíontóir níos gaire don am.

 

Dualgais

Is éard a mbeifear ag súil leis uathu siúd a ghnóthaíonn sparánacht:

 

  • Go gcaithfidh siad an t-am ar an Oileán ag forbairt an tionscadail a mholtar san iarratas seo.
  • Go roinnfidh siad cuid dá saothar ón tseachtain le muintir an Oileáin ag deireadh na seachtaine.
  • Go luafar AerachAiteachGaelach agus MEITHEAL Phlean Teanga Chléire i creidiúintí na saothar go léir a eascraíonn as an gcónaitheacht.

 

Ba dheas linn é dá dtiocfadh na healaíontóirí ar fad le chéile arís do Bhród Chléire, an 17 Lúnasa 2024. Tá cúrsaí maoinithe le deimhniú go fóill mar sin níl aon deimhniú ag teastáil uainn ina thaobh sin fós ach is fiú an dáta a choinneáil sa dialann.
https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSclVkBAmae-7Ixb3SbFfIY8ah51-E2Gr3IiApweR_CdxSHjzQ/viewform