Na Peirsigh

Cén Uair

February 21, 2024    
8:00 pm - 10:00 pm

Cá háit

Amharclann na Mainistreach
26-27 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 K0F1

Cineál Imeachta

Loading Map....

Tá gliondar croí ar Amharclann na Mainistreach léiriúchán nua Gaeilge ar shárshaothar Gréagach Aeschylus, Na Peirsigh / Persians leis an scríbhneoir agus an file cáiliúil Nuala Ní Dhomhnaill a chur i láthair, a bheidh ag teacht go Stáitse na Péacóige idir an 6 Márta agus an 6 Aibreán.

Insítear in Na Peirsigh / Persians scéal faoi bhua aisteach a bhí ag an nGréig ar arm ionsaithe, a insíonn an dream a chaill, aisteach go leor. Fiosraítear ann, tríd an drámaíocht, ceol agus amhráin, ionbhá, caillteanas agus ár ndaonnacht chomhchoiteann, téamaí atá chomh hoiriúnach agus chomh tábhachtach inniu agus a bhí siad san Aithin ársa.

Tá an dráma á stiúradh ag Conor Hanratty, agus tugtar le chéile in Na Peirsigh / Persians na sáraisteoirí Karen Ardiff, Brendan Conroy, Timmy Creed, Naoise Mac Cathmhaoil, Deirdre Molloy, Séamus Moran, Caitríona Ní Mhurchú, Bríd Ní Neachtain agus Marion O’Dwyer.

Cuirfear fotheidil iomlána Bhéarla ar fáil don léiriúchán Gaeilge seo.

Tá léiriúcháin matinée ar fáil den seó seo chomh maith. Tuilleadh eolais thíos.

Ticéid ar fáil anseo.