Cén Uair

March 13, 2024    
9:00 am - 9:00 pm

Cineál Imeachta

Beidh Lá na gCiorcal ar ais i mbliana tar éis an ratha a bhí orainn anuraidh! Thosaigh muid imeacht nua do Sheachtain na Gaeilge le Energia in 2023 darb ainm Lá na gCiorcal. Tá gréasán iontach láidir ann cheana féin de chiorcail chomhrá fud fad na tíre. Tá muid ag iarraidh é seo a cheilúradh agus poiblíocht a dhéanamh ar na grúpaí iontacha seo a bhíonn ag teacht le chéile chun an Ghaeilge a labhairt go rialta.

Tugann ciorcail chomhrá deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid i suíomhanna cairdiúla agus neamhfhoirmeálta. Is cuma más foghlaimeoir le cúpla focal thú nó cainteoir ó dhúchas, beidh an seans agat bualadh le cairde nua le Gaeilge.

Tá thart ar 250 grúpa seanbhunaithe mar seo timpeall na tíre agus tugann Lá na gCiorcal deis do dhaoine a bheith páirteach leo nó a ngrúpa féin a bhunú. Mura bhfuil ciorcal comhrá áitúil agat, seo an t-am chun ceann a shocrú! Tá sé an-éasca grúpa Caint & Comhrá a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bonn rialta.

Tá muid ag súil arís i mbliana go mbeidh ar a laghad ciorcal comhrá amháin ag tarlú i ngach contae do Lá na gCiorcal Dé Céadaoin 13 Márta 2024 mar chuid de #SnaG24. Bígí páirteach ann – is féidir clárú ar an suíomh leis an gcód QR thíos nó ar www.snag.ie/imeachtai1/la-na-gciorcal-13-03-24/

Má tá ceist ar bith faoi Lá na gCiorcal nó faoi Chiorcail Chomhrá go ginearálta is féidir teagmháil a dhéanamh le caint@cnag.ie