Cén Uair

June 7, 2023    
7:30 pm - 9:30 pm

Cineál Imeachta

Tá BAR 1661 an-mhór leis an mbranda Micil le fada mar gheall ar an athbheochan shuntasach atá sé ag spreagadh i gcatagóir an Phoitín go hidirnáisiúnta. Tá sé glúine stilléireachta i ngach buidéal de tháirgí Micil. Beidh fáilte mhór againn roimh bhunaitheoir an bhranda Pádraic Ó Griallais a dhéanfaidh cur i láthair agus blaiseadh a gcuid táirgí trí mheán na Gaeilge. Beidh na cúig tháirge is fearr leis á bhlaiseadh aige. Beidh na táirgí seo in éineacht le manglaim Bar 1661 is mó a bhfuil tóir orthu – ní bheidh aon bhlaiseadh eile cosúíl leis seo. Beidh an ócáid ar siúl ar an 7ú lá de mhí Meitheamh ag 7.30pm. €35 atá ar na ticéid. Beidh manglam fáilte Right to Fight san áireamh ón gclár dí ’Staunchly Irish & Fiercely Independent’ a bhfuil an-cháil air.