IMRAM - SREANG DHOFHEICTHE: TIONSCADAL TAYLOR SWIFT

Cén Uair

November 7, 2024 - November 8, 2024    
8:00 pm - 10:30 pm

Cá háit

Pavillion Theatre
Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Átha Cliath, A96 Y959

Cineál Imeachta

Loading Map....
INVISIBLE STRING: THE TAYLOR SWIFT PROJECT
The Pavilion Theatre  |  Cead isteach/admission €27
Booking: (01) 2312929  Ticéid Anseo

Tá clú agus cáil tuillte ag Taylor Swift ar go leor cúiseanna. Tá bua na cumadóireachta aici, gan amhras, agus í thar a bheith cumasach ag insint scéalta grá: an lúcháir, an briseadh croí agus an meascán mearaí a bhaineann le grá na ndéagóirí; an bhá a bhí aici lena máthair nuair a buaileadh tinn í; amhráin ghreannmhara faoi dhíoltas a bhaint amach ar lucht a cáinte; na fuaimdhreacha áille in folklore agus evermore agus na beathaisnéisí atá fite fuaite ina chéile i mbaile beag Meiriceánach. Is é atá in SREANG DHOFHEICTHE ná cnuasach speisialta dá cuid amhrán agus iad traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus Róisín Seoighe. Is iad Róisín Seoighe X IMLÉ a chuirfidh i láthair iad. Mar chuid den seó, beidh íomhánna ar scáileán le Margaret Lonergan.

SREANG DHOFHEICTHE is a special weave of songs from Taylor Swift’s critically acclaimed albums, folkore and evermore, with their intertwined narratives of life and love in a small American town. The lyrics, which have been translated by Gabriel Rosenstock and Róisín Seoighe, will feature on beautiful screen projections created by artist Margaret Lonergan. The beautiful aural landscapes of these albums will be recreated live by Róisín Seoighe X IMLÉ. And expect some special guest singers and greatest hits selections too!

The Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Booking: (01) 2312929  Ticéid Anseo