Cén Uair

March 15, 2024 - March 16, 2024    
9:00 am - 6:15 pm

Cineál Imeachta

Comhdháil dhá lá is ea ‘Glór na dTaighdeoirí’ atá á eagrú ag triúr mac léinn PhD i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá an chomhdháil seo á reáchtáil againn chun tacú leis an gcéad ghlúin eile de thaighdeoirí le Gaeilge, agus chun léargas a thabhairt ar thaighde úr atá ag teacht chun cinn. Tá obair á déanamh ag taighdeoirí le Gaeilge ar réimse leathan d’ábhair, agus ba mhaith linn léiriú don saol acadúil gur féidir, agus go bhfuil, an taighde sin á cur i láthair trí theanga náisiúnta na hÉireann. Ag an gcomhdháil, beidh páipéir againn ar chúrsaí leighis, ar chúrsaí ríomheolaíochta, ar chúrsaí staire, ar chúrsaí sochtheangeolaíochta, agus ar chúrsaí litríochta, go léir trí mheán na Gaeilge.

An Dr Órla Nig Oirc (Glór na Móna) agus an tOllamh Michael Cronin (Coláiste na Tríonóide) a bheas mar aoichainteoirí.

Gabhaimid buíochas le Ciste Spreagtha Chonradh na Gaeilge, UCD Seed Funding agus Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh & an Bhéaloidis, UCD, as tacaíocht a thabhairt don chomhdháil.

 

 

Eagraí