Ceardlann déanta éadaí le hAerachAiteachGaelach

Cén Uair

March 2, 2024    
10:00 am - 3:00 pm

Cá háit

The Boiler House
Bóthar Bhaile Munna, Baile Munna, D09 HK58

Cineál Imeachta

Loading Map....

Is cleachtas cruthaitheach agus inbhuanaitheach é an dearadh agus an deisiú éadaí, ach is scil í nach mbíonn ag gach duine nó gach ealaíontóir. Eagróidh AerachAiteachGaelach ceardlann déanta éadaí chun an scil seo a mhúineadh do dhaoine, ar leibhéal bunúsach, agus chun léiriú dóibh conas leas a bhaint aisti i mbealach cruthaitheach. Beidh áisitheoirí ann a labhróidh faoin gceird agus faoi thábhacht na hinbhuanaitheachta i gcúrsaí faisin agus a thaispeánfaidh conas gnáthéadaí a fhuáil agus a dhearadh, agus conas feistis a chruthú le haghaidh seónna agus imeachtaí ealaíne.

Tarlóidh an t-imeacht sa Rediscovery Centre i mBaile Munna, an t-ionad náisiúnta um an ngeilleagar ciorclach, agus beidh turas timpeall an ionaid mar chuid den cheardlann. Reáchtálfar an cheardlann go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus tógfaidh sí daoine le chéile chun rud nua a fhoghlaim i mbealach cruthaitheach agus idirghníomhach.

Déan teagmháil linn ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com chun clárú.

 

Ní bheidh ach líon teoranta spásanna ar fáil don cheardlann seo. Gabhaimid ár leithscéal nach féidir linn spás a gheallúint do gach uile duine.

Is a bhuí le tacaíocht an Chiste Spreagtha agus an Chrannchuir Náisiúnta gur féidir linn an cheardlann seo a reáchtáil. Táimid an-bhuíoch.