Comhdháil dhátheangach idirnáisiúnta | A bilingual international conference
Scrúdófar pearsa na Caillí mar a tháinig sí i láthair i dtraidisiúin na hÉireann agus na hAlban ón réamhstair anuas go dtí an lá inniu. Cuimseofar stair, litríocht (filíocht, amhráin, scéalta), logainmneacha, teanga, béaloideas agus na hamharc-ealaíona. Cuirfidh seisiún ceoil agus filíochta críoch leis an chomhdháil.
Cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil, ó Ghaeilge go Béarla amháin. Beidh ticéid saor in aisce ar fáil ach ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré.
D’eagraigh Coiste Léann na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann an ócáid seo, le tacaíocht ó Scéim Miondeontas Cholmcille (Foras na Gaeilge), Foclóir Stairiúil na Gaeilge, Sabhal Mòr Ostaig, MU, UCC, UCD, UL, UU agus QUB.
Ealaín le Sorcha de Brún.
Eagraí
Acadamh Ríoga na hÉireann