Cén Uair

July 27, 2024    
8:00 pm - 11:45 pm

Cá háit

Club Chonradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98

Cineál Imeachta

Loading Map....

Pisreogaí, Bainseacha agus Seanchas na hÉireann

Dé Sathairn, 27 Iúil, cuirfear oíche i láthair i gClub Chonradh na Gaeilge ina ndéanfar ceiliúradh ar thraidisiúin bainise in Éirinn. Ní bheidh lánúin á bpósadh, ach beidh gach rud eile a bhaineann le bainiseacha, idir traidisiúnta agus nua aimseartha.

Ar theacht an tsamhraidh achan bhliain, is iomaí lanúin óg is i ngrá a phósann le ceol agus craic i measc teaghlach agus cairde. Ach cá b’as a dtagann na traidisiúin agus nósanna a bhaineann le bainseacha anseo in Éirinn? Cé na nósanna eile a bhí ag Éireannaigh san am a chuaigh thart maidir le ceiliúradh, le féilte, le hádh agus le creideamh? San imeacht seo, casfaimid le chéile le súil a chaitheamh ar phisreoga in Éirinn, cá b’as a dtagann siad agus caidé mar chaith daoine leo fadó. Cuirfimid taispeántas i láthair le léiriú a dhéanamh ar shamplaí de phisreoga mar a bhí ag daoine sna blianta roimhe seo, déanfaimid sean thraidisiúin bainse a chur i láthair agus labharfaimid fá sheanchas na hÉireann mar a bhí sna blianta a chuaigh thart agus mar atá inniu. Imeacht idirghníomhach a bheidh san ócáid, le deis acu siúd i láthair páirt a ghlacadh sa chleasaíocht agus sa tseanchas mar chuid den oíche.

Cuirfear an oíche seo i láthair a bhuíochas le Gaeil na Gaeilge Gaelaí, le tacaíocht ó Sheachtain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, an Ciste Spreagtha agus Roinn na Gaeltachta.