Ag Scríobh Pictiúirleabhair le Sadhbh Devlin

Cén Uair

June 17, 2024    
6:30 pm - 8:30 pm

Cá háit

Cineál Imeachta

Cúrsa praiticiúil, idirghníomhach dóibh siúid a bhfuil spéis acu i litríocht do pháistí a scríobh as Gaeilge. Beidh an cúrsa seo ag díriú go sonrach ar chonas pictiúirleabhair a scríobh – céard le scríobh faoi, conas é a scríobh, conas oibriú le maisitheoir agus conas scéal a réitiú le cur faoi bhráid foilsitheoirí. An aidhm atá leis ná na huirlisí a thabhairt dóibh siúid ar mian leo scríobh do pháistí óga.

Ag deireadh an chúrsa seo, beidh tuiscint láidir ag na rannpháirtithe ar seánra na bpictiúirleabhair, ar conas pictiúirleabhar a scríobh agus na scileanna le dréacht de phictiúirleabhar dá gcuid féin a scríobh.

Breis eolais: irishwriterscentre.ie/