JUNIOR EUROVISION 2024 - Ag glacadh le hiarratais anois!

Cén Uair

April 26, 2024    
An lá ar fad

Cá háit

Cineál Imeachta

An amhránaí den scoth thú? An bhfuil tú idir 9 agus 14 bliana d’aois? Bhuel, seo anois do sheans!

Tá TG4 agus Adare Productions ag lorg an deichniúr amhránaithe nó na ndeich ngrúpa óga is fearr in Éirinn le bheith linn sa stiúideo agus a thabharfaidh aghaidh ar chéile féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision.

Is deis é seo, nach bhfaightear ach UAIR sa saol, do dhuine óg nó do ghrúpa cumasach le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar leibhéal IDIRNÁISIÚNTA.

Beidh na héisteachtaí ar siúl ar fud na tíre in Earrach 2024. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta JUNIOR EUROVISION 2024 a bheidh ar siúl sa Spáinn. Bíonn breis agus 7.5 milliún duine ar fud na hEorpa ag féachaint ar an seó seo agus is iontach an rud é a bheith páirteach ann.

Chun iarratas a dhéanamh níl uait ach guth den scoth. Is féidir le daoine aonair, beirteanna agus grúpaí suas go dtí seisear ar a mhéad iarratas a dhéanamh. Chun iarratas a dhéanamh níl ort ach mír 40 soicind den iarratasóir ag canadh a sheoladh chugainn.

Déan iarratas anois ar www.tg4.ie/junioreurovision

Nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn ar: 083 1322683 nó ar Ríomphost: junioreurovision@adareproductions.ie

Eagraí

TG4 agus Adare Productions