Craic, Scéal, Draíocht - Seó Gaeilge

Cén Uair

November 22, 2023    
7:30 pm - 8:30 pm

Cá háit

Club na Múinteoirí
36 Cearnóg Parnell Thiar,, Baile Átha Cliath 1,

Cineál Imeachta

Loading Map....

Ticéid Anseo / Tickets Here 🎟

Tuilleadh eolais faoi Quentin: Anseo

 

Tuilleadh eolais faoin seó:

Draíodóir proifisiúnta ó d’fhág sé an scoil tá Quentin Reynolds ag déanamh a chleasa iontacha ar fud na hÉireann (agus Sasana) ag féilte, scoileanna agus cóisirí príobháideacha.

Sa bhliain 2003 bhog sé go Manchain agus bhí sé ina oirfideach rialta ag na cluichí baile Manchester United. In 2020, le linn na paindéime, gan aon obair, bheartaigh sé an Ghaeilge a athfhoghlaim, teanga nár bhain sé úsáid as ó d’fhág sé an scoil. Ag tosú le Duolingo, bhí ranganna ar líne le Coláiste na Rinne agus nuair a d’aistrigh sé ar ais go Baile Átha Cliath in 2022, le Conradh na Gaeilge.

“Dhein Quentin an dallamullóg a chur ar óg agus ar aosta anseo sa Rinn i nGaeltacht na nDéise, i bPort Láirge, le déanaí le draíocht, cleasaíocht agus greann. Bhí a raibh i láthair faoi gheasa aige agus iad lán d’ionadh, le neart cleasaíochta. Bhain an lucht féachana an-taitneamh as an seó a bhí curtha i láthair go snasta ag Quentin. Is fiú go mór an taispeántas seo d’fheiscint. Ard mholadh tuillte ag Quentin.” – Liam Suipéil, Coláiste na Rinne

“Míle buíochas as seó den chéad scoth a chur ar siúl inniu. Bhí sé thar barr agus ard moladh faighte agat ó gach duine a bhí mé ag caint leo. Go n-éirí an bóthar abhaile leat agus tar ar ais arís am ar bith! “ – Caibríní De Barra

“Is mór an pléisiúr dom a fhógairt go raibh deis againn sna Déise freastal ar sheó draíochta Quentin Reynolds le déanaí, agus is féidir liom a rá gan amhras go raibh sé thar cionn go hiontach.

B’fhéidir an rud is fearr liom faoin seó Quentin ná gur mheall sé gach aoisghrúpa. Más cleasaithe draíochta, duine fásta nó páiste thú, gheobhaidh tú rud éigin a bhaineann leat sa seó. D’fhág mé an seó agus mé lán stuama agus ionadh. Más amhras ort faoi sheó draíochta atá lán le hionadh agus spraoi a fháil a chuirfidh leat ag smaoineamh agus ag gáire, molaim go hard seó draíochta Quentin Reynolds.” – Tomás Ó hÓgáin, Oifigeach Pleanála Teanga na nDéise

 

Nach bhfuil oiriúnach do dhaoine faoi bhun seacht mbliana d’aois.

You don’t need to be fluent in Irish to enjoy the show. It is suitable for students and learners as well. Much of the show is visual and easy to follow but you should have at least a basic knowledge of the language. If you don’t have any Irish, please recommend the show to friends who do. They will thank you for it.

The show is not suitable for persons under 7 years.”