Gnólachtaí le Gaeilge

Ógras

Is eagraíocht óige náisiúnta é Ógras a thugann cabhair agus tacaíocht clubanna óige a bhunú agus gníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga ó 7-18 mbliana d’aois ar fud na tíre.


Creideann Ógras gur cheart an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha, trí sholáthar seirbhísí agus cláracha obair óige ar ard-chaighdeán, atá oideachasúil agus forbartha agus a chumasaíonn daoine óga le fás agus forbairt mar dhuine agus mar threoraithe i measc an phobail.

Cén fáth Ógras a roghnú:

  • Deis an Ghaeilge a shealbhú agus a fhorbairt i dtimpeallacht shláintiúil, fháilteach, shábháilte.
  • Scileanna pearsanta agus idirphearsanta a fhorbairt.
  • Neartú féinmheas agus muinín.
  • Cairdeas agus comhluadar.
  • Deiseanna chun scileanna nua a fhoghlaim agus a fhorbairt.
  • Deis radharc domhanda a fhorbairt tríd ár gClár Óige Idirnáisiúnta.

uimhir: (087) 9187120

Ainm Teagmhálaí: Amie Ní Bhriain - Oifigeach Forbartha Laighean/Uladh

Ar mhaith leat do ghnó a fhás trí Ghaeilge?

Téigh i dteagmháil linn inniu le haghaidh tuilleadh eolais

GA