Loading Map....
Tá “Barróg don Ghaeilge” ag eagrú tráth na gceist ar Déardaoin 14 Márta le linn Seachtain na Gaeilge mar chuid de cheiliúradh 50 bliain an chlub.
Beidh sé ar siúl sa bheár i Naomh Barróg ag 9pm.
Tá táblaí ann do cheathrar. Is imeacht saor in aisce é seo agus beidh duais bheag ar fáil do bhuaiteoirí na hócáide spraíúla seo. Cuirfear leaganacha Béarla de na ceisteanna ar fáil freisin chun rannpháirtíocht níos iomláine a cheadú.
“cén bhliain a imríodh an chéad chluiche i bPáirc Barróg?”
Eagraí
John Carroll – john.c.carroll@gmail.com – 0831003931