Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil an siopa nuachtán Reynolds mar chuid den líonra gnó anois.
Is siopa teaghlaigh é atá lonnaithe ar Shráid na Mainistreach, díreach trasna ón stad Luas Abbey Street agus é mar chuid lárnach den phobal áitiúil le blianta anuas.
Tá stáir iontach spéisiúil ag baint leis an bhfoirgneamh chomh maith agus é suite ar shráid na Mainistreach óna 1800í ar aghaidh. Deirtear linn go raibh custaiméirí mór le rá acu thar na blianta, leithéidí Brendan Behan, Alan Rickman agus Stephen Soderbergh.
Téigh chuig Reynolds agus bain triail as do chúpla focal le Seamus!
Abbey Street Lower, Dublin, D01 K6R2, Ireland