Textarea

Is eagraíocht óige náisiúnta é Ógras a thugann cabhair agus tacaíocht clubanna óige a bhunú agus gníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga ó 7-18 mbliana d’aois ar fud na tíre.

Creideann Ógras gur cheart an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha, trí sholáthar seirbhísí agus cláracha obair óige ar ard-chaighdeán, atá oideachasúil agus forbartha agus a chumasaíonn daoine óga le fás agus forbairt mar dhuine agus mar threoraithe i measc an phobail.

 

Cén fáth Ógras a roghnú:

Deis an Ghaeilge a shealbhú agus a fhorbairt i dtimpeallacht shláintiúil, fháilteach, shábháilte.
Scileanna pearsanta agus idirphearsanta a fhorbairt.
Neartú féinmheas agus muinín.
Cairdeas agus comhluadar.
Deiseanna chun scileanna nua a fhoghlaim agus a fhorbairt.
Deis radharc domhanda a fhorbairt tríd ár gClár Óige Idirnáisiúnta.

 

Location
Categories

You May Also Be Interested In

GA