Textarea

Margadh dara láimhe agus teacht le chéile míosúil atá in Aonach Amárach, a bhíonn á eagrú in ionaid san Ardchathair, ag féilte áitiúla, agus timpeall na tíre.

Margadh dara láimhe agus teacht le chéile míosúil atá in Aonach Amárach, a bhíonn á eagrú in ionaid san Ardchathair, ag féilte áitiúla, agus timpeall na tíre.

Tá inbhunaitheacht ag croílár an mhargaidh agus braitheann an ócáid go hiomlán ar an bpobal a dhéanann éadaí a dheonú, agus a cheannaíonn arís iad! Tugtar deis do dhíoltóirí neamhspleácha Gaeilge freastal agus a n-earraí a dhíol freisin. Roghnaítear carthanacht chuile mhí (Women's Aid, Outhouse Dublin, agus Red Cross ina measc) agus téann brabús an mhargaidh i dtreo na carthanachta.

Bhunaigh Emma Ní Chearúil agus Jill McMahon an margadh, a bhíonn á reáchtáil go minic i gClub Chonradh na Gaeilge, ach tá súil acu é a thabhairt chuig cathracha eile, agus chuig ionaid eile i mBaile Átha Cliath. Déantar chuile chuid den ghnó a ritheacht trí Ghaeilge nó go dátheangach, agus cuirtear fáilte roimh na Gaeil, agus roimh éinne eile a bhfuil spéis acu i gcúrsaí inbhuanaitheachta. Tá gach eolas faoin margadh agus ócáidí eile ag @aonachamarach ar Instagram.

Location
Categories
Social Networks
GA