Spriocdháta: Scéim Scoláireachtaí do Chúrsaí Gaeltachta do Dhaoine Fásta 2023

Cén Uair

April 2, 2023    
An lá ar fad

Cineál Imeachta

Táimid sásta le fógairt go bhfuil ár scéim scoláireachtaí do dhaoine fásta atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge oscailte anois agus táimid ag glacadh le hiarratais. Is deis í seo do dhuine fásta scoláireacht ar luach €200 a fháil chun cuid de chostais chúrsa Gaeltachta a chlúdach.

Le cur isteach ar an scéim ní gá d’fhoghlaimeoirí fásta ach trí cheist a fhreagairt:

cé thú féin agus cén taithí atá agat leis an teanga?

cén fáth go bhfuil tú ag iarraidh freastal ar chúrsa Gaeltachta agus cén cúrsa atá ar intinn agat?

cén fáth go bhfuil scoláireacht de dhíth ort agus cén chaoi a gcuideodh an tacaíocht mhaoinithe seo leat?

TÁBHACHTACH: Caithfear iarratais a bheith scríofa i bhfoirm Doiciméad Word agus seolta chugam féin ian@gael-linn.ie roimh 17:00 ar an Déardaoin 13ú de mhí Aibreáin 2023. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta seo.

Tá leagan dátheangach den eolas seo ar fad faoi iamh mar PDF gur féidir leat a chur timpeall. Tá gach eolas le fáil tríd an nasc seo fosta bit.ly/Scoláireachtaí23.

 

Tuilleadh Eolais – ian@gael-linn/.ie