Loading Map....
Cad é Pop Up Gaeltacht?
Is teacht le chéile neamhfhoirmeálta é Pop-Up Gaeltacht. Buaileann Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge ar chumais éagsúla le chéile i dteach tábhairne agus bíonn atmaisféar taitneamhach ann agus iad ag labhairt lena chéile. Úsáideann na rannpháirtithe cibé Gaeilge atá acu i dtimpeallacht chairdiúil agus fháilteach.
Beidh an chéad PopUp Gaeltacht ar siúl i mBaile Buadáin Naomh Éanna ar Déardaoin 1 Nollaig, ag tosú ag 8.30i.n.
Tá fíorchaoin fáilte romhat, is cuma más cainteoir líofa thú nó duine le cúpla focal.
Bígí linn agus bain triail as!
Eir code D16 A2F8
Gach eolas
Séamie Ó Néill
Oifigeach na Gaeilge
CLG Bhaile Buadáin Naomh Éanna
seamie.oneill@gmail.com