Mairtín Ó Cadhain i mBaile Átha Cliath

27MF12:00 in1:00 inMairtín Ó Cadhain i mBaile Átha Cliath

Cur síos ar an imeacht

As Gaeltacht Chonamara a fáisceadh Máirtín Ó Cadhain, ar ndóigh, ach chaith sé leath dá shaol i mBaile Átha Cliath.

Bhlais sé de shaol na cathrach ar dtús mar mhac léinn i nDroim Conrach. Ina dhiaidh sin chaith sé tréimhsí thart ar an gCuarbhóthar Theas, i mbruachbhaile nua Chluain Sceach, agus i nDartraí, gan trácht ar thamall i bpríosún.

Ag amanna éagsúla, ba Óglach, cléireach, múinteoir, státseirbhíseach, agus léachtóir é. San am céanna ba scríbhneoir cumasach Gaeilge é agus agóidí tréan in aghaidh na héagóra.

D’fhág na háiteanna a raibh cónaí air sa phríomhchathair, chomh maith leis na háiteanna a raibh sé ag obair, a rian air féin agus ar a shaothar.

Tabharfaidh Aindrias Ó Cathasaigh ar aistear muid trí na háiteanna sin sa chaint seo.

Am

Meán Fómhar 27, 2026 12:00 in - 1:00 in(GMT+01:00)

Get Directions

How do you plan to get there?

  • No comments yet.
  • Add a comment
    GA