Ceardlanna Scríbhneoireacht Chruthaitheach

Cén Uair

June 23, 2023    
10:00 am - 12:00 pm

Cá háit

Fighting Words
Cearnóg Behan, 12-16 Sráid Russell, BÁC 1, Baile Átha Cliath, D01 WD53

Cineál Imeachta

Loading Map....

Bíonn ceardlanna scríbhneoireachta cruthaitheacha ar siúl againn go saor in aisce do dhaltaí scoile, idir pháistí agus déagóirí.

Maireann na ceardlanna dhá uair an chloig. Scríobhann an grúpa tús scéil le chéile sa chéad leath den tseisiún, agus ansin sa dara leath bíonn seans ag gach duine a gcuid scríbhneoireachta féin a dhéanamh- in aon seánra gur mian leo! Tugtar an seans do gach duine gabháil ag a luas féin, agus is féidir a bheith páirteach i scéalaíocht scríofa agus i scéalaíocht ó bhéal. Ag deireadh na ceardlainne bíonn deis ag daoine a gcuid oibre a roinnt. Tugtar leabhrán do gach duine le tús an scéil agus pictiúir anmhaisitheora ann, le gur féidir leo toradh a gcuid oibre a bhreith leo abhaile.

Bíonn béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, agus ar an spraoi. Is ar an duine ina iomláine atá muid dírithe i Fighting Words, agus cuirimid luach ard ar an bhféinmhuinín agus ar mheas a léiriú dá chéile.

Tá na ceardlanna ar fáil do ghaelscoileanna agus do scoileanna Béarla. Tarlaíonn na ceardlanna in ionad Fighting Words i mBaile Átha Cliath, agus tá an rogha ann iad a dhéanamh ar líne freisin.

Le ceardlanna a chur in áirithint, nó le tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig Seirce ag seirce@fightingwords.ie