
Bí linn in Amharclann stairiúil an Gheata i mBaile Átha Cliath agus tabhair leat d’éadaí compordacha le haghaidh ceardlann aisteoireachta le hAerachAiteachGaelach!
Sa cheardlann seo, beidh an t-aisteoir agus an t-iriseoir Seán Ó Baoill (Ros na Rún; Saol Ella; léiriú an Oireachtais 2022 de Grindr, Saghdar agus Cher) dár dtabhairt trí cheird na haisteoireachta le cluichí, gníomhaíochtaí grúpa, agus obair scripte. Rachaimid le léiriú de Fun Home a fheiceáil le chéile in Amharclann an Gheata ansin.
*Toisc go mbeidh an léiriú ag tosú ag 14:00 go beacht, beidh muid ag glacadh lóin taobh istigh den amharclann – tá fáilte romhat do lón féin a thabhairt isteach leat, nó é a ordú isteach chuig an amharclann ar an lá.
Reáchtálfar an cheardlann seo trí mheán na Gaeilge.
Ticéid – https://www.eventbrite.ie/e/ceardlann-dramaiochta-in-amharclann-an-gate-le-sean-o-baoill-tickets-667668764247?aff=oddtdtcreator