Fáilte roimh Spilt Milk, An Bóthar Beag, BÁC 2! An bhfuil aon rud níos fearr ná uachtar reoite blasta nuair atá an ghrian ag taitneamh? Tá an t-uachtar reoite lámhdhéanta i gcroílár Bhaile Átha Cliath le hábhair áitiúla agus anois, tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil!
Téigh chuig Spilt Milk agus labhair le hÉabha a bhfuil Gaeilge den scoth aici agus í breá sásta comhrá a dhéanamh leat. Ní bhíonn sí ag obair gach lá, mar sin, nuair atá sí ann tapaigh an deis!
30 Drury Street, Dublin, D02 DW66, Ireland