Is siopa áitiúil é Harry's i gCluain Dolcáin, BÁC 22. Tá sé ar an bhfód le níos mó ná 50 bliain anuas agus ag dul ó neart go neart mar chuid den phobal áitiúil.
Cuireann siad seirbhís fháilteach agus cairdiúil ar fáil - agus ar ndóigh, tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil freisin! Tá cúpla focal ar an bhfoireann ar fad ach go háirithe ag Rachel, múinteoir bunscoile a bhfuil Gaeilge den scoth aici! Deirtear linn go bhfuil an-tóir ar a gcuid ceapairí agus díolann siad thart ar 100 ceapaire gach lá! Bain triail as do chuid Gaeilge san áit álainn seo.
✅Gnó teaghlaigh
✅Gnó neamhspleách
✅GAEILGE ACU
11 Saint Brigid's Road, Clondalkin, County Dublin D22 F890, Ireland