Cur síos

Is teach tórraimh de chuid Ghrúpa Fanagan é Fanagans Quinns agus cuireann siad scoth an chúraim sochraide ar fáil óna n-áitreabh i gcroílár shráidbhaile Ghlas Tuathail. Rinneadh athchóiriú ar an teach tórraimh seo le déanaí agus is áit chompordach shuaimhneach shólásach é inar féidir le muintir an té a cailleadh, a dtoil a chur le bás a nduine muinteartha. Tá siad mórálach as a ngairmiúlacht agus as idir shochraidí traidisiúnta agus shochraidí de chuid na haimsire seo a chur ar fáil do gach sainaicme chreidimh. Is ar aire, ar chineáltas, agus ar dhínit a bhíonn a n-aird agus iad ina bhun seo. Agus tú ag déanamh socruithe leo, ná bíodh leisce ort a rá leo go bhfuil riachtanais Ghaeilge agat mar is ábhar bróid dóibh go bhfuil roinnt cainteoirí líofa i measc a n-adhlacóirí atá lánsásta a gcuid seirbhísí a dhéanamh trí Ghaeilge leatsa agus le do theaghlach más mian leat. Tá Gaeilge líofa ag Séamas agus ag Ian, agus fearann an fhoireann ar fad fáilte romhat cúpla focal a úsáid leo.

---

Fanagans Quinns forms part of the Fanagan Group and provides excellence in funeral care from their premises in the heart of Glasthule Village. Recently renovated, their funeral home is a comfortable and peaceful place of solace where families of the bereaved can come to terms with the loss of their loved one. They pride themselves on their professionalism, providing both traditional and contemporary funerals for all denominations, with care, compassion, and dignity. Please advise them of your Irish-language needs when making your arrangements as they are proud to have a number of fluent Irish speakers among their funeral directors who can provide their services to you and your family as Gaeilge if you so wish. Staff welcome any cúpla focal you might want to use while Séamas and Ian have fluent Irish.

Location
  • 28 Bóthar Ghlas Tuathail, Glas Tuathail, Co. Átha Cliath, A96 EW88

Categories
Social Networks
EN