Textarea

Fáilte is fiche roimh Cúl Cubs, ball nua ar an líonra gnó! Eagraíonn Cúl Cubs imeachtaí spraíúla agus oideachasúla do pháistí idir 2–4 bliana d’aois.

Gach seachtain, bíonn deis ag na páistí cluichí Gaelacha a thriail, scileanna bunúsacha gluaiseachta a chleachtadh, spraoi a bheith acu agus tairbhe a bhaint astu agus iad ag foghlaim na Gaeilge ag an am céanna.

Cuireann siad béim ar chothromaíocht, ar chomhordú agus ar scileanna sóisialta a fhorbairt – agus déanann siad na himeachtaí ar fad trí mheán na Gaeilge, rud a thugann buntáistí gan teorainn. Moltar do thuismitheoirí páirt a ghlacadh sna ranganna, rud a chruthaíonn taithí dhearfach do chách.

Cuirimid fáilte roimh pháistí agus tuismitheoirí a bhfuil caighdeán éagsúil Gaeilge acu – idir chainteoirí líofa agus iad siúd nach bhfuil Gaeilge ar bith acu.

.

.

Cúl cubs is a fun and educational activity for children aged 2-4. Each week, children have the opportunity to try out Gaelic games, work on their fundamental movement skills, play and have fun, all while learning the Irish language. We work on developing balance, coordination and social skills and we do it all through Irish, so the benefits are endless. Parents are encouraged to get involved in the class, which makes it a really positive experience for all. We welcome children and parents with all levels of Irish and none

Location
Social Networks
EN