Bígí linn ag Gaelathon, an chéad rás trí Ghaeilge riamh! Déan ceiliúradh ar an nGaeilge agus glac páirt i rás 5km a rith i gcroílár BÁC.
Is cuma más reathaí thú a bhfuil seantaithí agat, más reathaí réchúiseach thú, nó más duine thú atá ag iarraidh an t-atmaisféar a shú isteach – tá fáilte roimh chách.
Reáchtálfar an rás i suíomh álainn i bPáirc an Fhionnuisce in aice leis an ionad stairiúil, Dún na hArmlainne.
Bronnfar bonn speisialta ar gach rannpháirtí in ómós na hócáide agus beidh ceol, craic agus go leor eile ag an gcríochlíne ar an lá.
Tá dromchla na slí réidh agus indéanta do gach saghas reathaí. Beidh fáilte roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge agus daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu araon.
Tá Gaelathon á n-eagrú ag BÁC le Gaeilge, Club Reatha
Céim ar Chéim agus Oifigeach na Gaeilge,
Oifig na nOibreacha Poiblí.
Ticéad: €15 (+ táille áirithinte)
Dáta: 11/10/2026
Am: 9.30am
Suíomh: Páirc an Fhionnuisce
Trí chlárú don Gaelathon, glacann rannpháirtithe leis na nithe seo a leanas: