Stair Mhuintir dlr/A People’s History of dlr

Cén Uair

December 5, 2022    
9:00 am - 5:00 pm

Cá háit

Comhairle Chontae Dhún Laoighre
Halla na Cathrach, Bóthar na Mara,, Dún Laoighre, Co. Bhaile Átha Cliath

Cineál Imeachta

Loading Map....

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhar le Cnuasach Béaloideas Éireann ag tabhairt faoi thionscadal béaloidis darbh ainm “The People’s History of Dún Laoghaire-Rathdown”.

Tá súil ag an gComhairle a bheith i dteagmháil le daoine timpeall an chontae ó gach saghas cúlra agus ó gach ceantar sa chontae chun iad a chur faoi agallaimh neamhfhoirmeálta chun taifead a dhéanamh ar a n-eispéiris agus eispéiris a dteaghlach i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin thar na blianta. Is ábhar áthais é don Chomhairle go bhfuilimid ábalta na hagallaimh seo a reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus ba bhreá linn daoine a chur faoi agallamh trí Ghaeilge.

Is féidir na hagallaimh a dhéanamh i Leabharlann an LexIcon i nDún Laoghaire, ag Cnuasach Béaloideas Éireann i gColaiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, nó i dtithe na n-agallaithe féin.

Más mian leat páirt a ghlacadh sa tionscadal suimiúil seo, téigh i dteagmháil le peopleshistory@dlrcoco.ie nó cuir glaoch ar Deirdre Black ag 087 1183160. Más féidir an scéal a scaipeadh ar éinne sa Chontae a bhfuil Gaeilge acu (comhghleacaithe, tuismitheoirí, seantuismitheoirí s.rl) a shíleann sibh a mbeadh suim acu sa tionscadal bheimis an-bhuíoch.

Tuilleadh Eolais – dblack@DLRCOCO.IE