Oíche do Ronán

Cén Uair

March 25, 2023    
5:00 pm - 11:45 pm

Cá háit

Club Chonradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98

Cineál Imeachta

Loading Map....
Eolas faoin Imeacht – Information about the Event

Tá bailiúchán á reáchtáil do Rónán Mac Aodha Bhuí i gClub Chonradh na Gaeilge ar an 25ú Márta. Aige seo, beidh ceol, filíocht, greann agus bia – uilig ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Rónán. Mura bhfuil tú in ann a bheith ann linn ar an oíche, is féidir leat síntiús a thabhairt tríd an nasc gofundme.com. Beidh costas €20 ar thicéad don imeacht seo agus beidh an t-airgead uilig ag dul i dtreo Rónáin.

 

There will be a collection in aid of Rónán Mac Aodha Bhuí in Club Chonradh na Gaeilge on the 25th of March. At this, there will be music, poetry, comedy and food – all in aid of collecting money for Rónán. If you cannot be with us on the night you can donate through the link gofundme.com below. There will be a cost of €20 per ticket for this event with all of the money going towards Rónán’s treatment.

 

Ticéid don Imeacht/Tickets for the Event: https://www.eventbrite.ie/e/oiche-do-ronan-tickets-577042889817?aff=ebdssbdestsearch

 

Síntiúis gan Ticéad/Donation without Ticket: https://www.gofundme.com/f/ciste-tacaiochta-ronain

 

Tuilleadh Eolais ar Rónáin – More Information about Rónáin (https://www.gofundme.com/f/ciste-tacaiochta-ronain)
“Tá ár gcara, Rónán Mac Aodha Bhuí, ag troid leis an Ailse, le ceithre bliana anuas. In ainneoin cúpla obráid mhór, agus cuid mhór babhtaí chemo, tá ailse staid 4, air, agus níl leigheas nó obráid ar bith ar fáil do Rónán sa tír seo anois.
Ba mhaith le Rónán leigheas a aimsiú, nó níos mó ama a fháil le bheith lena theaghlach agus cairde.
(Scroll down for English)
Tá sé i gclinic sa Spáinn faoi láthair, ag fáil cóir leighis, agus beidh sé ag dul chuig otharlanna agus clinicí fóirsteanach eile, i dtíortha eile, sna míonna amach romhainn, chomh maith le teiripí éagsúla atá ar fáil sa tír seo.
Má fhaigheann sé go leor cóir leighis a laghdódh na cnapáin ailse ina chorp, tá seans ann go mbeadh Rónán ábalta obráid a fháil chun cuid de na cnapáin a bhaint amach.
Tá costas ollmhór leis an chóir leighis, agus teiripí seo, agus ba mhaith linne, a chairde agus a theaghlach, cuidiú leis na costais seo a ghlanadh.
Leis an taighde atá déanta, amharcann sé cosúil leis go mbeidh costas de €150,000/€180,000 euro ar an chóir leighis sna clinicí seo, ach is é an sprioc atá againn ná ar a laghad €120,000 euro, a bhailiú.
Más mian leat tacú le ciste tacaíochta Rónáin, is féidir síntiús a thabhairt anseo:
Má tá duine ar bith ag iarraidh imeacht nó ócáid a eagrú, nó má tá ceoltóirí a bheadh sásta a bheith páirteach in ócáid, déan teagmháil leis an fheachtas tacaíochta ag an seoladh seo : cairderonain(ag)gmail.com
Our friend, Rónán Mac Aodha Bhuí, has been fighting cancer for the last 4 years. He now has Stage 4 Colon cancer with metastases to liver and lung. He has had 2 major surgeries and around 40 bouts of chemo in the last few years, but is now at a stage where a cure or surgery is not an option, in Ireland.
He is currently receiving treatment at a clinic in Spain, and is organising other suitable treatments at clinics abroad. The cost of these treatments are hugely expensive.
If you would like to support Rónán, you can contribute at this link.
If you would like to organise a fund raising event, or if any musicians/artists would like to perform at an event for Rónán, please contact us at this email address: [email redacted]
Seo rud beag den chúlra leighis:
Meitheamh 2018: An chéad comhartha den ailse. Seachtain san otharlann. Ach bliain eile sula bhfaigheann tuairisc cinnte go bhfuil ailse ann.
Tús mhí na Bealtaine 2019: Dearbhú go bhfuil Ailse Staid a 3 sna putóga/Colon. Obráid leis an ailse a bhaint amach. Chemo leanúnach in 2019 & 2020.
Aibreán 2020: Ailse ar ais, ach anois scaipthe go dtí an ae, peritoneum, Diaphragm. Ailse staid a 4 anois.
Lúnasa 2021: Ar ais ar an chemo, agus deir Dochtúirí nach bhfuil leigheas nó obráid ar fáil anois.
Idir an dá linn, déanann Rónán teagmháil é féin le Dochtúirí eile, in Éirinn agus thar lear, atá ábalta obráid a thairiscint.
Feabhra 2022: Obráid mhór leis an ailse a bhaint amach. Éiríonn leis an obráid cnapáin a bhaint amach as na putóga, diaphragm, peritoneum, ach tá barraíocht cnapáin san ae, agus tá sé ró-chontúirteach iad uilig a bhaint amach.
Aibreán 2022: Ar ais ar an chemo, le súil is go mbeidh na cnapáin laghdaithe fá choinne obráid eile, níos moille sa bhliain. Ach ar an droch uair, ní laghdaíonn na cnapáin, agus tagann cnapán úr chun cinn sna scamhóga. Leanann ar aghaidh leis an chemo, trí lá de chemo, achan choicís.
Eanáir 2023: Deir na Dochtúirí nach bhfuil obráid nó leigheas ar fáil, agus nach n-oibreoidh an chemo seo í bhfad eile. Ach, deir Dochtúir eile, go mbeadh seans ar obráid dá mbeadh dóigh ann leis na cnapáin san ae/scamhóga a laghdú, nó fáil réidh le cuid acu.
Feabhra 2023: Téann Rónán go Clinic sa Spáinn, agus beidh sé ag dul chuig clinicí agus otharlainne eile, le súil is go mbeidh leigheas nó laghdú ar na cnapáin ailse ar fáil.
Beidh air féin íoc as na teiripí agus cóir leighis difriúla seo uilig, agus ba mhaith linn cuidiú leis, cuid de na costais leighis seo a ghlanadh.”