Ciste Forbartha d’Imeachtaí Cruthaitheacha

Tá ciste á bhunú againn chun tacú le daoine cruthaitheacha atá ag iarraidh imeachtaí cultúrtha uaillmhianacha a chur ar siúl trí Ghaeilge.

An bhfuil smaoineamh agat?

Líon an fhoirm thuas isteach agus beimid i dteagmháil

Maoiniú de €20,000 ar fáil d'imeachtaí

An bhfuil smaoineamh agat d’imeacht uathúil Gaeilge ach imní ort faoin gcostas? Cuireann Deis Físe maoini ar fáil chun cabhrú leat d’fhís a churi gcrích. Cuirfear fáilte roimh imeachtaí ar nós ceolchoirmeacha, scannanaiocht, taispeántais, ceardlanna, canteanna, ealaín, agus tionscadail chruthaitheacha eile trí mheán na Gaeilge.

Forbairt Imeachtai

Tacaíocht phraiticiúil é “Deis Físe” chun imeachtaí nua Gaeilge a phleanáil, a fhorbairt agus a chur ar siúl – ó smaoineamh go seachadadh.

Comhpháirtiochtai

Ag nascadh eagrafochtaí, gnólachtaí, ionaid agus cruthaitheoirí chun imeachtaí níos uaillmhianaí agus níos mó tionchair a chruthú.

Cén cineál imeachtaí atá á lorg againn?

Deis Físe ag lorg imeachtaí cruthaitheacha, uaillmhianacha agus nuálacha a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhealach dearfach agus tarraingteach i mBaile Átha Cliath. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí, idir cheolchoirmeacha, scannánaíocht, ealaín, amharclannaíocht, greann, cainteanna, ceardlanna, imeachtaí teaghlaigh, féilte, imeachtaí pobail agus eispéiris nua a mheallann lucht féachana éagsúil.

Más féidir le d’imeacht úsáid na Gaeilge a spreagadh, daoine a thabhairt le chéile agus eispéireas fiúntach a chruthú, ba mhaith linn cloisteáil uait!

Tionchar Pobail

Ag méadú úsáid na Gaeilge, ag mealladh lucht féachana nua agus ag cruthú eispéiris chultúrtha bhríomhara i bpobail ar fud na tíre.

GA